Jennifer Aniston
| Ainm sa teanga dhúchais | (en) Jennifer Joanna Aniston |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | (el) Ιωάννα Γενοβέφα Αναστασάκη 11 Feabhra 1969 57 bliana d'aois Sherman Oaks, California |
| Faisnéis phearsanta | |
| Grúpa eitneach | Greek Americans (en) |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | LaGuardia Community College (en) Ardscoil Fiorello H. LaGuardia |
| Áit chónaithe | Bel Air |
| Teanga dhúchais | Béarla Meiriceánach agus Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | aisteoir teilifíse, léiritheoir feidhmiúcháin, stiúrthóir scannán, stiúrthóir teilifíse, aisteoir stáitse, léiritheoir scannáin, aisteoir gutha, aisteoir scannáin, aisteoir |
| Tréimhse oibre | 1987 – |
| Ball de pháirtí polaitíochta | an Páirtí Daonlathach |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla |
| Glanfhiúchas | 200 M$ (Bealtaine 2017) |
| Teaghlach | |
| Céile | Brad Pitt (2000–2005), colscaradh Justin Theroux (2015–2018), colscaradh |
| Páirtí | Charlie Schlatter (1990–1990) Daniel McDonald (1990–1995) Adam Duritz (1995–1995) Tate Donovan (1995–1998) Brad Pitt (1998–2000) Vince Vaughn (2005–2006) Paul Sculfor (en) John Mayer (2008–2009) Justin Theroux (2011–2015) |
| Athair | John Aniston agus Nancy Dow |
Gradam a fuarthas | |
Is ban-aisteoir Meiriceánach í Jennifer Joanne Aniston (a rugadh ar an 11 Feabhra 1969 i Sherman Oaks, Los Angeles, California). Tá cáil bainte amach aici mar an gcarachtar Rachel Green ar an gclár teilifíse Friends. Phós sí an t-aisteoir Brad Pitt ar an 29 Iúil 2000, agus scar siad óna gcéile ar an 7 Eanáir 2005. Chuir Aniston isteach ar cholscaradh go hoifigiúil ar an 25 Márta 2005. Luaigh sí difríochtaí doréitithe.
Saol agus Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tús a saoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cosúil gur theastaigh ó athair Jennifer go mbeadh sí ina haisteoir cosúil leis féin, mar sin d’iarr sé ar Telly Savalas ("Kojak") a bheith ina athair baistí aici agus d’athraigh sé an sloinne a bhí ag an gclann ó Anastassakis go Aniston. Tar éis don chlann bliain amháin a chaitheamh ina gcónaí sa Ghréig, bhog siad ar ais go Nua-Eabhrac, áit a bhfuair athair Jennifer, John Aniston, páirt sa chlár Love of Life agus, níos déanaí, Search for Tomorrow. I 1985, bhog an chlann go Los Angeles nuair a fuair John Aniston páirt in Days of Our Lives.
Slí bheatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhreastail Jennifer ar an New York High School of Performing Arts sa bhliain 1987 agus bhí sí mar bhall den chlub drámaíochta ansin. D’fhás an dúil a bhí aici bheith ina haisteoir nuair a d’oibrigh sí sna léiriúchán For Dear Life agus Dancing on Checker's Grave. I 1989 bhog Jennifer go Hollywood agus fuair sí a céad pháirt teilifíse sa chlár teilifíse Molloy.
Sa bhliain 1994, d’iarr léiritheoirí cláir nua, Friends, ar Aniston triail a dhéanamh i gcomhair ról mar Monica Geller ach chuir sí ina luí orthu go mbeadh an carachtar Rachel Green i bhfad níb oiriúnaí di. D’oibrigh sí ar an gclár céanna sin go dtí gur tháinig deireadh leis sa bhliain 2004.
Tá Aniston tar éis bheith i go leor scannán de chuid Hollywood freisin, ina measc Picture Perfect, The Object of My Affection, Office Space, Rock Star, The Good Girl, Bruce Almighty agus Along Came Polly.
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1995: Gradam Screen Actors Guild: Leiriú thar barr i sraithchlár grinn (Friends)
- 2002: Gradam Emmy: An t-aisteoir is fearr i sraithchlár grinn (Friends)
- 2003: Gradam Golden Globe: An t-aisteoir is fearr i sraithchlár grinn (Friends)
Scannánliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gradaim agus ainmniúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 41 gradam buaite ag Aniston.