Sobac
| Cineál | dia uisce dia de chuid na Sean-Éigipte dia |
|---|---|
| Comhthéacs | |
| Miotaseolaíocht | reiligiún na Sean-Éigipte |
| Dáta | |
| Inscne | fireann |
| Muintir | |
| Céile | Renenutet (en) |
| Máthair | Neith (en) |
| Athair | Séat |
| Eile | |
| Cuid de | Miotaseolaíocht na hÉigipte |
Is ceann de na príomhdhéithe i miotaseolaíocht na hÉigipte é Sobac. Dia an uisce agus an Níl a bhí ann agus creideadh gur tháinig an Níl óna chuid allais. Chomh maith leis sin bhí sé ceangailte le portaigh, crogaill, torthúlacht, agus cumhacht na bhfarónna.[1]
Léirítear é mar chrogall nó mar fhear le ceann crogaill ag caitheamh corónach le diosca gréine, adhairce agus cleití fada.
Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dia an-tábhachtach a bhí Sobac, a bhí á adhradh ó ré na Sean-Ríochta san Éigipt ar a laghad (~2650-2181 R.C.R). Tugadh an teideal 'Tiarna Bakhu' air, sliabh miotaseolaíochta ag bun na spéire agus creideadh go raibh teampall tiomnaithe do Sobac a bhí tógadh as coirnéalain, cloch lómhar rua, ann.
Bhí sé nasctha le déithe eile sa phaintéón Éigipteach cosúil le Amúin, Óisíris agus go háirithe Ra. Ba mhinic a bhí Sobac agus Ra curtha le chéile chun pearsan amháin Sobac-Ra nó Sobac-Ré a chruthú[1].
Ionaid Chultas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Shedet (Medinet el-Fayum sa lá atá inniu ann) agus Kom Ombo príomhionaid chultas an dé le hionaid thábhachtacha eile i nGebelein agus Gebel el-Silsila. Ba mhinic a bhí linnte uisce ag a theampaill le crogaill naofa a bhí mumaithe tar éis a mbáis.[1]