Jump to content

Pinniped

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPinniped
Pinnipedia Cuir in eagar ar Wikidata
Image
rón beag Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Tréimhse saoil is faide46 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdCarnivora
Infrea-ordPinnipedia Cuir in eagar ar Wikidata
Illiger, 1811
Léarscáil de raon an tacsóin
Image Cuir in eagar ar Wikidata

Is clád fairsing agus éagsúil de mhamaigh fheoiliteacha, eite-chosacha, leath-uisceacha, den chuid is mó mamach muirí é an Pinniped (ga;eite-chosach), ar a dtugtar rónta go coitianta. Cuimsíonn siad na finte atá ar marthain Odobenidae (arb é an rosualt an t-aon bhall beo acu), Otariidae (na rónta otairídeacah: na leoin mhara agus na rónta fionnaidh), agus Phocidae (na rónta gan chluas, nó na fíorrónta), le 34 speiceas atá ar marthain agus níos mó ná 50 speiceas díofa a thuairiscítear ó iontaisí. Cé gur síleadh go stairiúil gur shíolraigh rónta ó dhá líne shinsearacha, tacaíonn fianaise mhóilíneach leo mar ghrúpa monaifiliteach (a shíolraigh ó shinsear amháin). Baineann pinniped le fo-ord Caniformia den ord Carnivora; is Musteloidea ( easóga, racúin, scúinc agus pandaí deargs) iad na gaolta beo is gaire dóibh, tar éis dóibh scaradh thart ar 50 milliún bliain ó shin. Ainmhí is ea an eite-chosach.