Jump to content

Jim Morrison

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJim Morrison
Image
Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) James Douglas Morrison
(en) Jim Morrison Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Nollaig 1943
Melbourne, Florida Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Iúil 1971
27 bliana d'aois
4ú arrondissement Pháras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisUndetermined (en) Aistrigh
Áit adhlacthagrave of Jim Morrison (en) Aistrigh
Reilig Père-Lachaise, 6 48° 51′ 33″ N, 2° 23′ 38″ E / 48.85928°N,2.39387°E / 48.85928; 2.39387 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnSeamanachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil California, Los Angeles (19641965)
Ollscoil Stáit Florida (19621964)
UCLA School of Theater, Film and Television (en) Aistrigh
St. Petersburg College (en) Aistrigh (1962)
Ardscoil Alameda
George Washington Middle School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreRac-cheol, amhránaíocht agus filíocht
Gairmguthcheoltóir, aisteoir, file, amhránaí, ceoltóir rac, cumadóir, amhránaí is scríbhneoir, liriceoir, stiúrthóir, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1965   1971
Ball de
SeánraRac-cheol agus rac sícideileach
GluaiseachtSícideilia
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Cineál guthaBaratón

UirlisUirlis mhéarchláir, cnaguirlis, maracas, armónach agus ceol gutha
Lipéad ceoilElektra
Columbia Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéilePamela Courson (19671971), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíPamela Courson (19651967) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGeorge Stephen Morrison
Croineolaíocht
7 Iúil 1971sochraid Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú
Image

IMDB: nm0607186 FilmAffinity: 173545310 Allocine: 36795 Rottentomatoes: celebrity/jim_morrison Allmovie: p50830 TV.com: people/jim-morrison TMDB.org: 152
Spotify: 1QB4oo4JbSRdxNyidIuD0W Apple Music: 30720949 Musicbrainz: c6619f89-5454-4e2d-aa19-b5596ba3b4c6 Discogs: 260501 Allmusic: mn0000031022 Goodreads author: 7855 Goodreads character: 41599 Find a Grave: 740 Deezer: 6783 Cuir in eagar ar Wikidata

B'amhránaí, cumadóir, scríbhneoir agus file Meiriceánach é James (Jim) Douglas Morrison (8 Nollaig, 1943 - 3 Iúil, 1971). Bhain sé cáil amach sna 1960í mar phríomhamhránaí agus liriceoir sa bhanna rac-cheoil as Los Angeles, The Doors.

Nuair a cailleadh Morrison i bPáras na Fraince sa bhliain 1971, ní raibh ach seacht mbliana is fiche bainte amach aige. Bhí Morrison an-tugtha don ól faraor, gan féinsmacht. Taom croí ba shiocair bháis dó i bPáras na Fraince, cothrom an lae seo sa bhliain 1971. Baineadh geit mhór as a lucht leanúna ag an am, agus rinneadh dia beag de, de réir a chéile.

Image
Chuir Morrison in aghaidh rialacha dochta a athar, George Stephen Morrison, aimiréal de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe.
Image
san fhaopach, 1963
Image
The Doors, 1966
Image
KRLA Radio, Los Angeles, 1967
Image
1967, le Joel Brodsky
Image
le Joel Brodsky, 1967, fótaisheisiún "Young Lion" .
Image
le Joel Brodsky, 1967, fótaisheisiún "Young Lion" .
Image
Jimi Hendrix, Morrison & Janis Joplin - The Atlanta Constitution (1977)
Image
1969
Image
san fhaopach, 1970, Dade County Public Safety Department (Miami, FL)
Image
san fhaopach, The Ithaca Journal, 21 MF 1970.

Duine neamhghnách a bhí i Morrison i gcónaí. Bhí na tréithe a luaitear fós leis le feiceáil agus é óg. Chuir sé in aghaidh rialacha dochta a athar, aimiréal de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe. Bhí sé ar an bpáiste ba ghlóraí, ba mhó a raibh aird air sa seomra ranga, ach freisin ar an bpáiste ba chliste.

Tugann a chuid oideachais leid dúinn faoina phearsantacht agus faoin meon a bhí laistigh den duine. Bhí an méid seo le rá ag iarmhúinteoir bunscoile dá chuid fiche bliain tar éis dó an scoil a fhágáil:

“Bhí an méid a léigh sé chomh neamhghnách go raibh orm múinteoir eile a chur chuig Leabharlann na Comhdhála chun a fháil amach an raibh na leabhair ar scríobh sé fúthu ann i ndáiríre … mar bhíodar faoi dheamhaneolaíocht na séú agus na seachtú haoise déag.”

Nuair a bhí sé ar an ollscoil, rinne sé staidéar ar chúrsaí ar nós fhealsúnacht na hagóide agus shíceolaíocht na sluaite. Tá a chuid foinsí inspioráide le feiceáil go soiléir ina cheol: an fhealsúnacht, an litríocht, an béaloideas agus an mhiotaseolaíocht.[1]

D'éirigh iompar Morrison guagach sna 1960idí. I dtús mhí an Mhárta 1969, is éard a dúirt Ray Manzarek faoi cheolchoirm a bhí ag an ngrúpa sa Dinner Key Auditorium i Miami: “I’d say Miami Florida was the wildest night of all the performances … Wild is what we want.”

Gabhadh Morrison gan mhoill ina dhiaidh sin as iompar gáirsiúil. Cuireadh ina leith go raibh sé ag eascainí, gur nocht sé é féin go poiblí agus go raibh sé ar meisce. Fuarthas ciontach é agus ghearr an Breitheamh Murray Goodman téarma príosúnachta sé mhí le daorobair agus fíneáil $500 air. Chuir a dhlíodóir achomharc faoi bhráid na cúirte ar an toirt agus ligeadh Morrison amach ar bannaí $50,000. Sula bhfuarthas seans na deacrachtaí seo leis an dlí a réiteach, áfach, fuair Morrison bás.[1]

De réir foinsí áirithe, d’éag Jim Morrison i dtobán folctha i bPáras ar an 3 Iúil 1971. Bhí sé seacht mbliana is fiche d’aois. Ach tá neamhchinnteacht ag baint lena bhás ó shin.

Tá tuairim ann go bhfuair Morrison bás de bharr an iomarca hearóine a bheith tógtha aige. De réir Patricia Kennealy-Morrison, bean a phós Morrison i ndeasghnáth Wicca nach raibh seasamh dlí aige, ba í Pamela an duine a mharaigh é go hindíreach nuair a thug sí hearóin dó. Is fusa é seo a chreidiúint ná cuid de na nithe eile a deirtear. Ba mhinic a chaith sé oícheanta sa Rock ‘n’ Roll Circus i bPáras, áit a bhí cáiliúil mar gheall ar an méid drugaí a tógadh ansin. Agus, freisin, is é an tobán folctha an chéad áit a gcuirtear duine chun é a spreagadh le teacht chuige féin tar éis dó an iomarca drugaí a thógáil.

Tá go leor den bharúil gur chomhcheilg ba ea a bhás. Níor fógraíodh an nuacht go ceann sé lá tar éis a bháis. Faoin am sin, bhí sé curtha i Reilig Père Lachaise le dhá lá, áit ar thug sé cuairt uirthi cúpla seachtain roimhe sin chun uaigheanna Edith Piaf, Oscar Wilde, Chopin, Honoré de Balzac agus Georges Bizet a fheiceáil. D’fhógair Bill Siddons, bainisteoir The Doors a bhás ach ní raibh an corp feicthe aige. Fuair sé an scéala ó Pamela, cailín Morrison.

Nuair a bhain Siddons Páras amach ar an 6ú lá, bhí séala ar an gcónra agus bhí an teastas báis sínithe. Scríobhadh ar an teastas gur éag Morrison de bharr taoma chroí. Ní bhfuair Ambasáid Mheiriceá fios an scéil go dtí an lá dar gcionn. Níor cuireadh scrúdú iarbháis ar an gcorp, cé nach raibh Morrison ach sna fichidí, rud a bhí neamhghnách. Níl ar eolas againn ach a ndúirt Pamela. Níor chuimhin léi cé a shínigh an teastas báis. Agus, mar a dúirt na beathaisnéisithe Hopkins agus Sugerman, is féidir síniú a cheannach nó a fhalsú.

Tá an dream úd ann freisin a cheapann gur mharaigh an FBI Morrison de bharr gur ainrialaí ab ea é agus go raibh siad buartha faoin tionchar a bhí aige ar dhaoine óga. Agus, dar ndóigh, ní mór gan dearmad a dhéanamh ar na daoine atá lánchinnte go bhfuil sé in a chónaí san Afraic nó taobh leis an Amasóin, ag scríobh leis filíochta ar a shuaimhneas, fós ![1]

“There’s the known. And there’s the unknown. And what separates the two is the door and that’s what I want to be,” a dúirt Jim Morrison sa bhliain 1966 agus gaois William Blake á míniú aige do Ray Manzarek, duine den triúr ar bhunaigh sé an grúpa ceoil The Doors leo.

Is é an téama céanna a bheadh le fáil i gcuid de na hamhráin a scríobhfadh sé, “Break on through” agus “End of the night”, cuir i gcás. Ach is mar gheall ar an sprioc seo an taobh eile den doras a bhaint amach ar bhain a chuid ama le The Doors le halcól, drugaí agus conspóid. Cheap Blake gurbh é an bealach ab fhearr chun an taobh eile a bhaint amach ná an intinn a athrú. Bhí tionchar nach beag ag an méid seo ar bhás mistéireach Morrison i bPáras na Fraince ag tús na seachtóidí.[1]

Ní hionann an duine a fuair bás anabaí agus an réalta a gcuimhníonn daoine air. Murab ionann agus an duine féin, níor tháinig deireadh le fás cháil Morrison i 1971. Is gné amháin den duine atá freagrach as formhór a chlú ach, ar an drochuair, ní hé an ghné sin a chuid filíochta ná a chuid amhrán.

Bhí cáil nach beag ar The Doors mar gheall ar an nós a bhí acu a bheith spontáineach; níorbh fhéidir a thuar riamh cad go díreach a dhéanfadh an grúpa, agus Morrison go háirithe, le linn ceolchoirme.

Más beo nó marbh go fisiciúil é, níl amhras ar bith go bhfuil Morrison an-bheo i measc lucht ceoil an lae inniu, idir cheoltóirí agus éisteoirí. Níl fuaim The Doors ceangailte le tréimhse ar bith agus tá téamaí na n-amhrán chomh hábhartha i saol an lae inniu is a bhí sna 1960idí agus sna 1970idí.

Na blianta tar éis bhás Morrison, tá glúin nua ina lucht tacaíochta aige agus ní dócha go dtiocfaidh laghdú ar an méid suime a chuirtear ann go ceann i bhfad.[1]

Image
Uaigh Jim Morrison, Reilig Père Lachaise, Páras.

Albaim agus amhráin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Morrison úsáid as miotaseolaíocht na Gréige agus bhundúchasaigh Mheiriceá ina shaothar agus cumadh go leor miotaseolaíochta faoi féin agus an dúil a bhí aige san alcól.

Na halbaim

  • Eanáir 1967: The Doors
  • Deireadh Fómhair 1967: Strange Days
  • Iúil 1968: Waiting For The Sun
  • Iúil 1969: The Soft Parade
  • Feabhra 1970: Morrison Hotel
  • Iúil 1970: Absolutely Live
  • Aibreán 1971: LA Woman
  • Samhain 1978: An American Prayer (Filíocht Morrison á haithris le ceol The Doors)


Na hamhráin is cáiliúla

  • Break on through
  • Riders on the storm
  • Light my fire
  • The end
  • People are strange
  • Love me two times
  • Hello, I love you
  • Touch me
  • Roadhouse blues
  • Love her madly
  • LA woman


Cnuasaigh Fhilíochta Morrison

Earrach 1969: The Lords

Earrach 1969: The New Creatures

Bealtaine 1970: The Lords & The New Creatures

Samhradh 1970: An American Prayer

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 5 Ken Buckmaster (IÚIL 2001). "An tine nár múchadh fós" (ga-IE). Beo! EAGRÁN 3 ·. Dáta rochtana: 2026-07-03.